Saothar an Ríordánaigh aitheanta ag Gradam Leabhar na Bliana

Saothar an Ríordánaigh aitheanta ag Gradam Leabhar na Bliana

Bronnadh Gradam Uí Shuilleabháin, an duais don leabhar Gaeilge is fearr i mbliana, ar ‘Anamlón’ ó dhialanna Sheáin Uí Ríordáin. Tadhg Ó Dúshláine a rinne eagarthóireacht ar scríbhinní an fhile chlúitigh agus b’iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh.

Bhuaigh ‘Daideo’ le hÁine Ní Ghlinn Gradam Réics Carló, an duais don leabhar is fearr do dhaoine óga.

Daichead leabhar a rinne iarratas ar na Gradaim agus ainmníodh deich leabhar ar an ghearrliosta. Bhí leabhar le Caitríona Nic Sheáin ón chomhlacht Feirsteach, An tSnáthaid Mhór, i measc rogha an ghearrliosta. Oireachtas na Gaeilge a eagraíonn na Gradaim atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Bronnadh na Gradaim i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Ba í seo an chéad uair ag na Gradaim a bheith eagraithe ó thuaidh agus rinne daltaí ó Choláiste Feirste léiriú drámatúil ar shaothar an ghearrliosta ag an ócáid bhronnta.

Labhair Meon Eile leis na húdair bhuacha agus lucht eagraithe na nGradam faoi aitheantas an tsaothair scríofa agus faoi na dúshláin atá os comhair scríbhneoirí na Gaeilge.

Gradam Leabhair na Bliana 2014
Close
Close