‘Saol trí Ghaeilge, Saol gan Bhochtanas' - taispeántas nua GaelStair

Tá taispeántas úrnua á léiriú ag an togra oidhreachta, GaelStair, i Muileann Mhic Con Midhe, Béal Feirste, faoi láthair.

'Saol trí Ghaeilge, Saol gan Bhochtanas' is teideal don taispeántas tábhachtach tarraingteach a insíonn scéal, stair agus forbairt phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, ó na 30idí ar aghaidh go háirithe. Díríonn an taispeántas ar roinnt forbairtí suntasacha sa tréimhse seo, agus ar na daoine taobh thiar den obair fhiúntach a rinneadh lena linn: bunaitheoirí Chumann Chluain Ard, ceannródaithe Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, átógáil Shráid Bombay agus Fiontar Bhaile Uí Mhurchú, le cois neart eile.

Thug Meon Eile cuairt ar an taispeántas ar na mallaibh, áit ar labhair muid le Mick Jackson, Comhordaitheoir Tionscadail GaelStair.

Is é a dúirt Mick linn:

"Níl freagra ar na ceisteanna a d'ardaigh na daoine seo go fóill beag agus b'fhéidir gurbh iad na daoine óga atá ag teacht isteach i bpobal na Gaeilge na daoine a mbeas an freagra acu ar na ceisteanna sin. Tá géarchéim eacnamaíochta, tá a lán sórt géarchéimeanna ann ar bhonn idirnáisiúnta agus tá ról ar leith, sílim, ag pobal na Gaeilge chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin, dul i ngleic leis an bhochtanas atá fud fad an cheantair seo, agus saol breá bríomhar a chruthú don lucht oibre, chan amháin don cheantar seo ach don domhan."

Beidh an taispeántas sa Seomra Triomaithe i Muileann Mhic Con Midhe don chuid eile den tseachtain seo, agus is fiú go mór breathnú air.  

Beidh tuilleadh grianghraf, caipéisí agus eile le feiceáil amach anseo mar chuid d’obair GaelStair. Tá an fhoireann ag cruthú taispeántas faoi láthair a bheas ag dul isteach i roinnt leabharlann agus ag deireadh na bliana beidh taispeántas mór acu in Iarsmalann Uladh.

Close
Close