Séamus Mac Géidigh - laoch raidió ar lár

Scamall dorcha a bhí os cionn cheantar Chloich Cheann Fhaola agus fear dá gcuid féin, Séamus Mhic Géidigh, imithe ar Shlí na Fírinne.

Craoltóir cumasach agus tráchtaire spóirt den chéad scoth a bhí i Séamus.

Ní raibh sé ach 54 bliain d’aois nuair a fuair sé bás go tobann tráthnóna Dé Luain.

Thosaigh Séamus ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1988 agus ceapadh é ina Bhainisteoir Réigiúinach i nDún na nGall sa bhliain 2004.

Dúirt Kevin Bakhurst, Stiúrthóir Feidhmeach RTÉ:

“Cúis mhór bróin dom bás Shéamuis. Bhí ardmheas air mar iriseoir agus mar chraoltóir, agus aireoidh a chuid comhghleacaithe ar fud na heagraíochta seo uathu é”

Dúirt Jim Jennings, Ceannasaí Raidió RTÉ gur

“cailliúint mhór do Raidió RTÉ agus do Raidió na Gaeltachta go háirithe, bás tobann Shéamuis Mhic Géidigh”

Fear mór pobail ab ea Séamus. Bhí sé ina Rúnaí ar Choiste Pobail Ghort an Choirce le blianta fada, chomh maith le go leor coistí agus fochoistí eile fán cheantar.

Bhí sé ar bhord bainistíochta na pobalscoile ar an Fhál Carrach agus ar bhord bainistíochta Scoil Náisúnta Dhoire Chonaire go dtí lá a bháis.

Gael go smior, rinne Séamus achan iarracht an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun tosaigh in achan bhealach.

Bhí ardmheas air i gceantar Chloich Cheann Fhaola, ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre mar chraoltóir ildánach, mar thráchtaire spóirt den scoth agus thar aon rud eile mar fhear uasal lách.

Labhair muid leis an Ath. Seán Ó Gallchóir; Séamus Ó Domhnaill, CLG Cloch Cheann Fhaola; Kevin Cassidy agus Ceannasaí RTÉ Radió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, faoin lorg a d’fhág Séamus ar a phobal féin agus ar phobal na Gaeilge i gcoitinne.

Séamus Mac Géidigh - laoch raidió ar lár

Déanaimid comhbhrón lena bhean Dolores, lena chlann Éadaoin, Dónal agus Póilin, lena mhuintir, lena chairde agus lena chomhghleacaithe ar fad.

Suaimhneas síoraí i bhflaitheas na nGael don fhear uasal.

Close
Close