Campa samhraidh Ababú

Tá an campa samhraidh drámaíochta Ababú ar siúl in Áras Mhic Reachtain an tseachtain seo agus labhair Meon Eile le Máire Andrews atá ina comhordaitheoir ar an champa i mbliana.

Bíonn neart imeachtaí ar siúl gach lá ann agus bristear na seisiúin suas i dtrí ghrúpa: drámaíocht, ealaín agus ceol. Dar le Máire go mbíonn na páistí ag foghlam cheird na dramaíochta go héifeachtach ar an dóigh seo agus ar bhealach sultmhar fosta.

Níl ach líon teoranta páistí ag freastal ar an champa i mbliana de bhrí shrianta Covid-19 agus tá lucht an champa ag cloí le treoracha an rialtais le gach duine a choinneáil slán.  

Close
Close