Réamhléiriú an chláir faisnéise den scoth 'Gael Linn ag 70'

Tá an eagraíocht náisiúnta Gael Linn ag ceiliuradh 70 bliain ar an fhód i mbliana. Chuir siad deireadh leis an bhliain cheiliúrtha seo le réamhléiriú de Gael Linn ag 70clár faisnéise faoin eagraíocht a bhí ar siúl in Institiúid Scannáin na hÉireann i mBarra an Teampail i lár Bhaile Átha Cliath.

Is iad AniarTV agus TG4 a bhí i mbun an chláir a chuir béim mhór ar an obair atá déanta ag Gael Linn leis an cheol Gaelach a chur chun tosaigh agus deis a thabhairt do cheoltóirí atá ag tosnú amach. Bhí an clár láde cheol iontach agus de cheoltóirí ó fud fad na tíre.

Bhí deis ag Meon Eile freastal ar an réamhléiriú, áit ar labhair muid le cuid de na daoine a bhí pairteach sa chlár. Dinis Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidmeannach Gael Linn, dúinn faoin chlar é féin agus faoin lúchair a bhí air agus é ag amhair air den chéad uair. Labhair muid fosta le Mairéad Ní Thiománaigh, Bainisteoir Riaracháin agus Cumarsáide le Gael Linn, faoin dóigh a ndeachaigh an clár i bhfeidhm uirthi agus faoin fhreagracht atá orthu tacaíocht a thabhairt don chéad ghlúin eile do cheoltóirí agus an chartlann atá acu go dtí seo a chaomhnú. Dinis Dónal OConnor, léiritheoir an chláir, dúinn faoin dóigh ar chuir siad an clár le chéile agus faoi chuid de na dúshláin a sháraigh siad le linn an phróisis.

 Craolfar Gael Linn ag 70 ar TG4 ag 20:00 an 26 Nollaig.

Close
Close