Réaltán Ní Leannáin – an chéad scríbhneoir cónaithe i gCultúrlann Uí Chanáin

Is í Réaltán Ní Leannáin atá roghnaithe mar scríbhneoir cónaithe Chultúrlann Uí Chanáin i gCathair Dhoire, an chéad duine atá ceaptha sa ról sin riamh.

I measc a cuid cúraimí tá club leabhar nua á reáchtáil aici, ceardlanna scríbhneoireachta á gcur ar fáil aici agus meantóireacht á tabhairt aici do scríbhneoirí nua. Lena chois sin foilseoidh sí trí ghearrscéal. Ar na scríbhneoirí óga a bheidh Réaltán mar mheantóir acu tá Dara Collins as Ard Mhacha Theas.

Tá taithí na mblianta ag Réaltán mar scríbhneoir agus mar léachtóir. Is i mBéal Feirste a rugadh í agus atá ina cónaí i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sí páirteach i scéim mheantóireachta do scríbhneoirí. Chaith sí na blianta fada fosta ag léachtóireacht in Ollscoil na Ríona, Béal Feirtse, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Coláiste na Tríonóide, BÁC.

Thug Meon Eile cuairt ar Chultúrlann Uí Chanáin le labhairt le Réaltán faoina cuid pleananna do na míonna amach romhainn i nDoire. Chuala muid ón mheantaí Dara chomh maith.

Le linn a cónaitheachta beidh go leor imeachtaí agus ceardlanna ar siúl ag Réaltán chun an scríbhneoireacht agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair. 

Tá tuilleadh eolais faoi sin le fáil anseo.

Close
Close