Ranganna Gaeige ag tosnú don bhliain úr in Ionad na Fuiseoige

Cuireadh tús nua ar na mallaibh leis na ranganna Gaeilge in Ionad na Fuiseoige i mBéal Feirste. Is ionad pobail é Ionas na Fuiseoige atá suite i gcroílár Cill Uaighe agus a chuireann roinnt seirbhísí ar fáil do mhuintir na háite.

Bíonn réimse ranganna ann ón bhunrang go dtí rang an Fháinne Airgid agus iad uilig ar fáil saor in aisce. Thug Meon Eile cuairt ar an chéad bhunrang den bhliain úr le bualadh leis na Gaeilgeoirí nua atá i mbun foghlama!

Labhair muid leis an mhúinteoir, Róisín, faoi na ranganna iad féin, faoi na buntáistí a bhaineann leis an fhoghlaim agus faoin deis le bheith ag bualadh le daoine nua. Labhair muid fosta le Tanya, a bhí ag freastal ar chéad rang Gaeilge s’aici lena fháil amach ar bhain sí sult as.

Close
Close