Bíonn cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge idir óg agus aosta ag bailiú le chéile achan oíche Luain san Oh Yeah Centre i lár Bhéal Feirste chun an teanga a chleachtadh tríd an cheol.
Thosaigh Caoimhe O’Connell an cúrsa breis agus mí ó shin agus tá fás agus forbairt nach beag tagtha air ó shin. Bhí an t-éileamh ar na ranganna chomh mór sin go bhfuil rang eile socraithe ag Caoimhe le linn na seachtaine. Tosóidh an ‘Rang Lóin' ar an 4 Samhain san Oh Yeah Centre idir 12in-1in.
Thug Meon Eile cuairt ar an Oh Yeah Centre ar na mallaibh agus labhair muid le Caoimhe faoin rath atá ar na ranganna. D’inis sí dúinn fosta faoin fháth a n-úsáideann sí an ceol agus í ag teagasc na Gaeilge, sin agus faoin atmaisféar dearfach a bhíonn idir na foghlaimeoirí.

