Comóradh i Rann na Feirste ar shaol Shéamuis Uí Ghrianna

Bhí deireadh seachtaine mór idir dhramaí, cheol, léachtaí agus eile i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill agus muintir an bhaile ag déanamh comóradh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora iomráitigh, Séamus Ó Grianna, nó 'Máire'.

Rugadh Séamus i dTóin an Bhaile sa bhliain 1889. Ba é Séamus an ceathrú duine ba shine, agus an buachaill ba shine, sa teaghlach.

Scríobh sé 27 mbunleabhar chomh maith leis na leabhair a d’aistrigh sé. Tá sé aitheanta mar gheall ar an saibhreas iontach Gaeilge atá le fáil ina chuid scéalta.  

An dá úrscéal ‘Mo Dhá Róisín’ (1921) agus ‘Caisleán Óir’ (1924), agus an cnuasach gearrscéalta ‘Cith is Dealán’ (1927), na leabhair is mó dá chuid a mbíonn trácht orthu.

Bronnadh cnuasach lámhscríbhínní Shéamuis Uí Ghrianna, cuid acu nár foilsíodh riamh, ar Áislann Rann na Feirste ar na mallaibh. 

Tá níos mó ná 500 leathanach sa chnuasach, idir Ghaeilge agus Bhéarla.

Is í iníon Bhreandáin Uí Mhiacháin, cara le ‘Máire’, a bhronn na lámhscríbhinní ar an Áislann.

Cé go bhfuil sé 50 bliain ó cuireadh Séamus Ó Grianna faoi fhód, tá a chuid litríochta agus filíochta beo beathach i measc na ndaoine.

Close
Close