Plé déanta, Seachtain na Gaeilge seolta agus Niall Comer atofa ina Uachtarán ar CnaG

Is i mBaile Mhuineacháin a bhí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana.

Seoladh Seachtain na Gaeilge le Energia go náisiúnta i gcroílár an bhaile Dé Sathairn seo caite agus bhí scaifte breá i láthair fána choinne.

Bhí an láithreoir telifíse Gráinne McElwain mar bhean an tí agus chuir Clann Mhic Ruairí scoth an cheoil ar fáil dóibh sin a bhí i láthair.


Atoghadh an Dr. Niall Comer, leachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh, ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag craobhacha agus ag baill de chuid na heagraíochta.

Is í seo an tríú huair as a chéile ar ceapadh sa ról é. 

Labhair muid leis le linn chomórtas peile na hArd-Fheise le gnó na hócáide a phlé.


‘Teanga gan Teorainn’ a bhí mar théama na hArd-Fheise agus b’shin a spreag plé na bpolaiteoirí oíche Aoine.

Bhí Aengus Ó Snodaigh, TD le Sinn Féin, Catherine Connolly, TD Neamhspleách, Dara Calleary, TD le Fianna Fáil, Patsy McGlone, ón SDLP, agus Seán Kyne, TD le Fine Gael, an Príomh-aoire agus Aire Stáit na Gaeltachta, uilig i láthair chun ceisteanna na gcraobhacha a fhreagairt.

Chomh maith leis sin bronnadh Gradam an Uachtaráin 2019 ar an Dr. Pádraig Ó Baoighill as ucht a chuid oibre go léir síos fríd na blianta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Close
Close