An líon is mó ainmniúchán riamh ag Éirinn sna hOscars

Fograíodh nuacht iontach ar na mallaibh go bhfuil 14 ainmniúchán ar an iomlán ag Éirinn i réimse leathan catagóirí sna Gradaim Oscar i mbliana, an méid is mó a fuair an tír riamh.

Ainmníodh an scannán Gaeilge “An Cailín Ciúin” sa chatagóir don Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta is Fearr. Is éacht stairiúil é seo don tír agus do phobal na Gaeilge, go háirithe toisc gurb é seo an chéad uair riamh do scannán as Éirinn a bheith ainmnithe sa chatagóir céanna.

Tá scannán Martin McDonagh “The Banshees of Inisherin” san iomaíocht i léar mór catagóirí. Tá Barry Keoghan agus Brendan Gleeson beirt ainmnithe sa chatagóir don Aisteoir Tacaíochta is Fearr agus tá Colin Farrell sa chatagóir don Aisteoir is Fearr, in éineacht le fear Chill Dara, Paul Mescal ó Normal People, a raibh an príomhról aige sa scannán “Aftersun”.

Ainmníodh McDonagh sa chatagóir don Stiúrthóir is Fearr agus Kerry Condon sa chatagóir don Aisteoir Tacaíochta is Fearr fosta. Tá go leor ainmniúcháin eile ag an scannán amhail an Scannán is Fearr, Eagarthóireacht is Fearr, Script Scannáin is Fearr agus Scór Scannáin is Fearr.

Ar bharr na n-éachtaí sin ar fad, tá gearrscannán atá lonnaithe anseo ó thuaidh dar teideal “An Irish Goodbye” ainmnithe sa chatagóir don Ghearrscannán Is Fearr.

Beidh an 95ú bliain de Ghradaim an Acadaimh ar siúl ar an 13 Márta i mbliana. Beidh le feiceáil an nglacfaidh muintir na tíre seo duaiseanna ar bith ar ais abhaile leo ach cibé rud a tharlaíonn, is cinnte go bhfuil muid uilig fíorbhródúil cheana féin.

Close
Close