Oireachtas na Samhna 2019: Iomaitheoirí Ard Mhacha

I mbliana, ba in Óstán an Citywest i mBaile Átha Ciath a bhí Oireachtas na Samhna ar siúl.

Is é an tOireachtas an fhéile is mó sa bhliain do na Gaeil, féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, traidisiún agus teanga na tíre trí chomórtas agus spraoi.

Bhí deis againn arís i mbliana bualadh isteach chuig cuid de na comórtais.

Bhí beirt cheoltóirí óga de bhunadh Ard Mhacha Theas san iomaíocht sna comórtais amhránaíochta ar an Sean-Nós i mbliana. Lean Meon Eile Piaras agus Síomha chun comórtais le blaiseadh a fháil den taithí a bhí acu ar bheith san iomaíocht ag an Oireachtas.


Close
Close