Oireachtas na Samhna 2019 : Amhrán Nuachumtha

Bhí Meon Eile i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna 2019. I mbliana, ba in Óstán an Citywest i mBaile Átha Ciath a bhí an fhéile.

Is é an tOireachtas an fhéile is mó sa bhliain do na Gaeil, féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, traidisiún agus teanga na tíre trí chomórtas agus spraoi.

Bhí deis againn arís i mbliana bualadh isteach chuig cuid de chomórtais an Oireachtais.

Is comórtas é 'Amhrán Nuachumtha' ina mbronntar duais ar an amhrán nua is fearr. Bíonn ar na hiomaitheoirí fonn traidisiúnta a phiocadh agus focail úra a chumadh. Is ar an té a chumann na focail a bhronntar an duais.

Bhí seisear san iomlán páirteach sa chomórtas don Amhrán Nuachumtha i mbliana agus bhuail Meon Eile isteach chuig iomaitheoirí agus moltóirí an chomórtais.

Close
Close