Oidhreacht Úirchill an Chreagáin

Bhailigh daoine ó fud fad Bhéal Feirste le chéile in Áras Uí Chonghaile ar Bhóthar na bhFal ar na mallaibh chun oíche lán le ceol, scéalaíocht, filíocht agus stair a chluinstin faoi Úirchill an Chreagáin in Ard Mhacha Theas.

Is suíomh oidhreachta é Reilig an Chreagáin inar cuireadh daoine aitheanta ó gach creideamh agus cúlra ó bhí an bhliain 1480 ann.

Thug Meon Eile cuairt ar an oíche speisialta agus labhair muid leis an cheoltóir óg cumasach ón cheantar, Aodh Mac Murchaidh, faoin dóigh a dtéann an ceol agus na scéalta seo le chéile agus faoi na píosaí a chum sé féin don oíche.

Labhair muid fosta le hÚna Walsh, staraí áitiúil as Ard Mhacha Theas, faoi stair na reilige agus faoi cé chomh tábhachtach agus atá sé di an stair shóisialta seo a roinnt le daoine ar fud na tíre.

Close
Close