Oíche Reggae ag An Lon Dubh

Lá Idirnáisiútna an Reggae a bheidh ann amárach mar sin bhuail Meon Eile le Cormac Ó Briain, ceoltóir a chuireann i láthair clár reggae ar Raidió Fáilte go rialta.

Rinne Cormac, nó 'Buzz' mar is fearr aithne air, seit beo reggae agus ska ag oíche tiomsaithe airgid a bhí ann ar na mallaibh do An Lon Dubh, an caifé atá i bhfoirgneamh Raidió Fáilte.

Craoladh an seisiún ceoil beo agus tugadh cuireadh don phobal teacht isteach chuig an stáisiún le damhsa, canadh agus spraoi a bheith acu.

Is gnó neamhbhrabúis é An Lon Dubh a bhíonn ag brath ar mhaoiniú agus ar an phobal. Is áis thábhachtach é in íochtar na bhFál mar go gcuireann sé spás ar fáil do mhuintir na háite agus do thurasóirí teacht le chéile agus iad féin a thumadh sa chultúr Gaelach, agus sult a bhaint as cupán deas ag an am céanna.

 Coinnigh súil ar mheáin shóisialta An Lon Dubh le haghaidh oícheanta tiomsaithe airgid eile a bheidh ag teacht aníos.

Close
Close