Is féile imeall-chultúir í Liú Lúnasa a cuireadh ar bun i mBéal Feirste in 2015.
I mbliana is leis an oíche ilsiamsa aiteach ‘Aifreann’ a cuireadh tús leis an Liú i gCutlúrlann McAdam Ó Fiaich.
Is í an bhanríon draig Mrs Ó. a bhí i mbun na hoíche agus aíonna speisialta ann chun ‘aifreann’ ar leith a cheiliúradh dá raibh i láthair.
Bhí Conor ‘Torby’ Torbóid ar ardán le léiriú eisiach a thabhairt don tslua de thraiceanna óna EP nua ‘Pork Stew’. Dúirt Conor gur áit iontach speisialta í an Chultúrlann dó mar is ann a rinne sé rap os comhair lucht féachana den chéad uair riamh.
Labhair muid fosta le Milène Fegan ón Chultúrlann a d’inis dúinn faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag tacú leis an phobal LADTA+ agus réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil don phobal i rith Liú Lúnasa.
D’inis Mrs Ó dúinn faoin ról atá ag spásanna sábháilte don phobal aiteach, i measc phobal na Gaeilge agus an mhórphobail araon.