Oíche Chultúir 2018

Bhí Oíche Chultúir ar siúl in Éirinn arís Dé hAoine seo caite agus na mílte imeacht ag dul ar aghaidh i mbailte agus cathracha fud fad na tíre.

Thosaigh an nós i mBaile Átha Cliath in 2006 le cúpla céad duine agus i mbliana níor chuir an ghaoth ná an fhearthainn isteach ar chúrsaí mar go raibh thart ar 400,000 duine páirteach sna hócáidí éagsúla cultúir agus siamsa.

Bhí Meon Eile i mBéal Feirste don chraic ar fad, áit ar labhair muid leis an lucht eagraithe agus leis an lucht freastail agus ar bhain muid féin sult mór maith as an spraoi!

Close
Close