Cuireadh oíche airneáil ar siúl i gCaifé Ceoil, Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, Dé hAoine seo caite chun tús a chur le Féile Chlann Gormlaithe a d’eagraigh Croí Éanna.
Bhí roinnt ceoil agus scéalaíochta le cluinstin ar an oíche ó Chantairí Turas, Séamas Ó Donnghaile, Catríona Ní Ghribín agus Naoise Mac Cathmhaoil.
Is í seo an chéad bhliain de Fhéile Chlann Gormlaithe, a bhfuil sé mar sprioc aici an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Ghleann Gormlaithe. Cuireadh fáilte roimh chainteoirí agus foghlaimeoirí ag imeachtaí na féile, an oíche airneáil seo san áireamh.
Labhair Meon Eile le hEoghan Ó hÍr, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Croí Éanna, agus Séamas Ó Donnghaile, duine de na scéalaithe ar an oíche, faoin ócáid agus faoin tairbhe a bhaineann leis an chineál imeachta seo.


