Ní raibh suíochán ar bith follamh sa QFT i mBéal Feirste ar na mallaibh agus an clár faisnéise ‘Neil Martin: Bóthar an Cheoil’ ar taispeáint den chéad uair ar an scaileán mór.
Leanann an scannán seo an ceoltóir mór le rá, Neil Martin, thar bhliain iomlán, rud a thugann deis don lucht féachana léargas a fháil ar a shaol ar dhóigh nach ndearnadh roimhe. Tá beagnach gach gné dá shaol clúdaithe: an óige s’aige, an dóigh ar thit Neil i ngrá leis an cheol, clann agus bean chéile s’aige, agus fiú an bás atá pléite go hionraic agus go hoscailte idir Neil é féin agus an stiúrthóir Damian McCann.
Bhí an t-ádh orainn go raibh muid in ann labhairt le Damian McCann faoin scannán a d’inis dúinn faoin dóigh ar chuidigh an dlúthchaidreamh a bhí aige le Neil cheana leis an scannán a dhéanamh agus tabhairt faoi na comhráite deacra sin.
Labhair muid fosta le Neil arb as Tuaisceart Bhéal Feirste dó agus a bhfuil clú bainte amach aige ar fud an domhain mar cheoltóir agus cumadóir den scoth. Is é seo an chéad uair atá scannán fada déanta aige - d’inis sé dúinn faoina chuid mothúchán agus an saothar anois curtha os comhair mhuintir Bhéal Feirste agus a chlainne.
Fuair an togra maoiniú ó NI Screen agus ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge fríd an scéim AMHARC. Labhair muid le Ceannasaí an Chiste, Áine Walsh, faoin scannán agus faoin chúis ar chinn siad an maoiniú a bhronnadh air.
I ndiaidh na taispeána agus seisiún ceisteanna agus freagraí le Seán Ó Baoill, labhair muid le beirt a d’amharc ar an scannán: Caoimhín Ó Seanán agus Storm Eaton-Kilgallen. Mhol siad dís ‘Neil Martin: Bóthar an Cheoil’ go mór agus mhothaigh siad go raibh radharc iontach pearsanta faighte acu ar shaol an cheoltóra.