Na Píobairí Uilleann

Na Píobairí Uilleann

Sna 1970í ní raibh ach líon íseal daoine ag seinm na píob agus níos lú fiú á ndéanamh. Bhí buairt ar cheoltóirí nach mbeadh na píoba le cloisteáil amach anseo agus theastaigh uathu athrú a chur ar an scéal, mar sin bhunaigh roinnt ceoltóirí Na Píobairí Uilleann sa bhliain 1968.

An príomhchuspóir atá ag Na Píobairí Uilleann ná ceol dúchasach na hÉireann i gcoitine agus ceol na bpíob uilleann go sonrach a chur chun cinn agus a chothú.

Bailíonn na Píobairí Uilleann ábhar staire agus déanann siad taighde ar na píoba.

Teach na bPíobairí lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé oscailte don phobal.

Ó bunaíodh Na Píobairí Uilleann tá líon na ndaoine a bhíonn ag seinm na bpíob tar éis fás go mór agus tá i bhfad níos mó daoine ag déanamh na n-uirlisí anois freisin.

Bíonn seisiúin cheoil ar siúl acu go minic agus fuair Meon Eile an deis dul chuig teach tábhairne an Cobblestone le haghaidh oíche mhór de cheol traidisiúnta.

Féile Píobaireachta William Kennedy ag tosnú amárach i gCathair Ard Mhacha agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Domhnach.

Déanann an fhéile ceiliúradh ar William Kennedy, a bhí ina phíobaire agus déantóir clúiteach píob.

Bíonn neart ceoil le cloisteáil agus bíonn fáilte roimh chách.

Na Píobairí Uilleann / Sarah de Búrca
Close
Close