Myra Zepf ceaptha mar an chéad Chomhalta le Scríbhneoireacht Páistí

Ceapadh an t-údar Myra Zepf mar an chéad Chomhalta le Scríbhneoireacht Páistí le déanaí in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

Post dhá bhliain atá ann lonnaithe in Ionad Seamus Heaney Ollscoil na Ríona. Tá an post maoinithe ag Ionad Seamus Heaney agus ag Comhairle Ealaíon TÉ.

Is scríbhneoir mór le rá í Myra Zepf do pháistí i ndiaidh di a leithéid de ‘Lá leis na Lochlannaigh’ agus ‘Ná Gabh ar Scoil!’ a eisiúint.

Mar Chomhalta le Scríbhneoireacht Páistí beidh Myra anois ag obair le páistí agus í ag iarraidh suim sa léitheoireacht agus sa scríobh a chothú iontu.

Labhair Meon Eile le Myra agus le maoinitheoirí an phoist faoin fhís atá acu don ról úr.

Ár mbuíochas le panthersolutionstoday.com agus Pat Loye as fís a sholáthar dúinn.  

Close
Close