'My Name is Rachel Corrie' ag Féile an Phobail

Bhí an dráma 'My Name is Rachel Corrie' ar siúl mar chuid d'Fhéile an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste i mbliana agus bhuail Meon Eile isteach chuig an chleachtadh chun léargas a fháil ar an saothar.

Is dráma aon duine é inarb í Rosie McNally an t-aisteoir agus is í a deirfiúr Máire Mhic Dhomhnaill atá ina stiúrthóir air. 

Insíonn an dráma an scéal faoin dialannaí óg Rachel Corrie as Stát Washington, SAM, a maraíodh sa Phalaistín agus í i mbun feachtasaíochta sa tír. Fíorscéal atá ann agus is é an t-aisteoir mór le rá, Alan Rickman, a chuir na téacsanna agus na hiontrálacha dialainne de chuid Rachel le chéile chun script a chruthú díobh.

Bhí Rosie agus Máire ag déanamh an dráma chun airgead a bhailiú don ghrúpa Palistine Aid agus d'éirigh leo breis agus £1,600 a thiomsú. Is cinnte gur thug a gcuid oibre ardán do scéal Rachel Corrie agus do chás na Palaistíne féin.

Close
Close