'Mo shaol go dtí seo’ – seoladh leabhair le Séamas Mac Eochaidh

Seoladh leabhar nua de chuid an scríbhneora Séamas Mac Eochaidh i nGaeláras Mhic Ardghail ar an Iúr ar na mallaibh.

‘Mo shaol go dtí seo’ is teideal dó agus le linn an scéil téann an lucht léitheoireachta ar thuras leis an phríomhcharachtair, Pádraig, agus é ag iarraidh aiste a scríobh faoina shaol.

Le linn na hócáide bríomhaire, léigh Séamas sliocht den leabhar do na páistí ó Bhunscoil an Iúir, agus is léir go raibh siad uilig faoi dhraíocht an scéil iontaigh seo. Ar a bharr sin, bhí ceardlann scríbhneoireachta ag na páistí le Séamas é féin, agus bhí deis acu a gcaractair féin a chruthú.

Labhair Meon Eile le beirt daltaí ón bhunscoil agus bhain siad sult agus tairbhe as an lá agus as an deis le bheith ag léamh agus ag scríobh fosta. Labhair muid le Séamas féin chomh maith faoin tábhacht a bhaineann le litríocht na Gaeilge a bheith curtha ar fáil do pháistí agus iad ag fás aníos.

De réir Ryan Hogan, atá ag obair i nGaeláras Mhic Ardghail, go gcuireann an t-ionad béim nach beag ar na leabhair agus ar litríocht na Gaeilge. Mar sin, bhí siad an-sásta an cheardlann spreagúil a chur ar fáil don ghlúin nua scríbhneoirí atá le teacht!

Close
Close