Mairéad Ní Mhaonaigh: Ealaíontóir Cónaithe gteic@Gaoth Dobhair

Tá Mairéad Ní Mhaonaigh ceaptha ina hEalaíontóir Cónaithe don bhliain 2022-2023 ag gteic@Gaoth Dobhair agus bhuail Meon Eile isteach lena fháil amach cad é mar atá ag éirí léi.

Is mol digiteach é gteic@Gaoth Dobhair atá suite i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair de chuid Údarás na Gaeltachta. Is cuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta é gteic a chuireann le forbairt agus cruthaitheacht dhigiteach sna ceantair Ghaeltachta. 

Is féidir le daoine teacht isteach agus obair i spás oscailte le idirlíon ar ardluas, i measc buntáistí eile. 

Tá áthas agus bród ar Mhairéad a bheith ainmnithe ina hEalaíontóir Cónaithe sa gteic@Gaoth Dobhair i mbliana. Dar léi gur pósadh maith é an cultúr lena bhfuil baint mhór aici agus an tionscadal nua-aimseartha teicneolaíochta. 

Is féidir le Mairéad a bheith i mbun a cuid oibre in gteic agus riarachán srl. a dhéanamh, rud a chuidíonn go mór léi ó lá go lá.

Tá tuilleadh eolais faoi gteic@Gaoth Dobhair le fáil anseo.

Close
Close