'Maidin Fhómhair' le Ériú


In 2016 tháinig Jaff Píobaire, Frank Cassidy agus Caoimhe Ní Chathail le chéile chun banna ceoil a bhunadh. Le ceithre bliana anuas, tá an triúr ag obair go díograiseach chun albam úr a eisiúint, agus tá sé anois seolta acu.

Is í Caoimhe an príomhamhranaí sa ghrúpa, seinneann Jaff na píobaí agus na feadógaí agus bíonn Frank ag seinm an ghiotáir agus an bouzouki. 

Ar na mallaibh chuaigh an banna ceoil ar camchuairt thart ar Bheál Feirste lena chéad albam, ‘Maidin Fhómhair’, a sheoladh. Bhí an deis ag Meon Eile iad a fheiceáil in áiteanna ar nós Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Raidió Fáilte.

Ar an chéad albam seo, is féidir ceol traidisiúnta agus ceol comhaimseartha a chloisteáil. Tá aistriúchán deánta ag Ériú ar amhráin cháiliúla fosta, ó The Beetles go Edith Pief.

Bhuail Meon Eile le Caoimhe i ndiaidh gige agus labhair sí linn faoin albam agus faoin mhéid atá ina ábhar spreagtha acu.

Tá an t-albam nua ar fáil anois agus is féidir éisteacht leis ar bandcamp.com agus ar Spotify. Le tuilleadh eolais a fháil ar an albam nó ar Ériú féin, téigh anseo.

Close
Close