Mórdhuais Ghlór na nGael buaite ag Cultúrlann Uí Chanáin

Buaigh Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire príomhdhuais Ghlór na nGael agus seic le haghaidh €20,000 oíche Shathairn. Bronnadh duaiseanna de luach €120,000 ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael i gCaisleán Dhún Búinne, Co. na Mí.

Is lárionad Gaeilge í Cultúrlann Uí Chanáin a osclaíodh in 2009 le freastal ar gach gné den phobal cois Feabhail. Os cionn 40 duine atá ag obair san ionad idir lán agus pháirtaimseartha. Tá sé beartaithe acu Ceathrú Ghaeltachta a fhorbairt ag díriú ar an nasc idir an Ghaeilge agus an ceol traidisiúnta.

Labhair Meon Eile le Stiúrthóir na Cultúrlainne, Gearóid Ó hEára, faoin obair mhór atá á déanamh acu leis an teanga a chur chun cinn…

Cultúrlann Uí Chanáin

Bronnadh mórdhuiseanna eile ar Chomhlucht Forbartha na nDeise, Cairde Teo i gcathair Ard Mhacha, Pobal ar an Iúil i dTír Eoghain, Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Glór Charn Tóchair i nDoire Theas. Seo liosta iomlán na mbuaiteoirí thíos:

Duais Ógras (€700)

Biorra, Co Uíbh Fáilí

Duais an Fháinne (Dearbhán €1,000 & Bonn Cré Umha)

Turas – Misean Bhéal Feirste Thoir

Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall (€1,000 agus Bonn Airgid)

Coiste Pleanála Teanga, Leithinis Shliabh Liag

Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe (€1,500 & Bonn Ór)

Forbairt Chonamara Láir

Duais Cló IarChonnacht (Dearbhán €1,000)

Glór Locha Riach

Duais Comhairle na Gaelscoláiochta (£1,500)

Croí Éanna

Duais COGG (€2,000 agus Bonn Airgid)

Conradh na Gaeilge, An tAonach, Co. Thiobrad Arann

Duais an Fhorais Patrúntachta (€1,000)

Gael-Taca, Co. Chorcaí

Duais Údaráis Craolacháin na hÉireann (€1,500 X 2)

Stáisiún Tráchtála: Highland Radio, Dún na nGall

Stáisiún Pobail: Cork City Community Radio

Duais Chonradh na Gaeilge (€1,000)

Club na Sionna, Co an Chláir

Cothú Gaeilge sa Teaghlach (€500 agus Bonn Ór)

Glór na Móna, Béal Feirste

Craobh na Bóinne, Co na Mí

Iontráil Nua is Fearr (€1,000)

Pobal ar A’n Iúl, Co Thír Eoghain

Duaiseanna Cúige do na Coistí Deonach (€1,500 an ceann)

Cúige Uladh: Ionad na Fuiseoige, Béal Feirste

Cúige Chonnacht: Glór Chluainín, Cluainín Uí Ruairc, Co Liatroma

Cúige Mumhain: Cill na Martra, Gaeltacht Mhúscraí, Co Chorcaí

Cúige Laighin: Gaeil Chill Dara

Duais Aitheantais (€1,000): Muintir Chrónáin, Baile Átha Cliath

Torthaí Comórtas na nGael (Clubanna Chumann Lúthchleas Gael)

Duais Náisiúnta (€2,000): Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath

Cúige Uladh (€1,000): Na Sáirséalaigh, Cill Laobháin, Muineachán

Cúige Chonnacht (€1,000): Na Mistéalaigh, Caisleán a’ Bharraigh, Maigh Eo

Cúige Mumhain (€1,000): Baile an Easpaig, Corcaigh

Cúige Laighin (€1,000): Na Fianna, Glasnaíon, Baile Átha Cliath

Duais Gaeltachta (€1,000): An Ghaeltacht, Corca Dhuibhne, Co Chiarraí

GRADAM GHLÓR na nGAEL

An Banna Ceoil KILA

Coistí le Daonra os cionn 10,000

1. (€5,000) An Cultúrlann, Doire

2. (€4,000) Cairde Teo., Ard Mhacha

3. (€3,000) Gaeil Chill Dara

Coistí le Daonra faoi 10,000

1. (€5,000) Glór Charn Tóchair, Co Dhoire

2. (€4,000) Glór Uachtar Tíre, Co an Dúin

3. (€3,000) Glór Locha Riach, Co na Gaillimhe

Coistí Gaeltachta (páirt urraithe ag Údarás na Gaeltachta)

1. (€5,000) Comhlucht Forbartha na nDeise, Co Phort Láirge

2. (€4,000) Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co na Gaillimhe

3. (€3,000) Comharchumann Forb. Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall

Close
Close