Féile Liú Lúnasa 2024 - 10 mbliana ar an fhód

Tá féile Liú Lúnasa faoi lán seoil inniu agus réimse leathan d'imeachtaí iontacha eagraithe idir seo agus oíche Dé Sathairn: Imeacht Outburst Arts le Dónall Mac Giolla Chóill, Dianchúrsa Gaeilge, Léacht ag Glór na Móna le Róisín Nic Liam, Slam Filíochta, Malartú Éadaí ag Raidió Fáilte agus Ceolchoirm agus Iarchóisir na Féile. 

Is féile thar a bheith spéisiúil é i mbliana mar gheall ar an chloch mhíle atá bainte amach ag Liú Lúnasa - sin é 10 mbliana ó cuireadh an fhéile ar bun. Ba ghrúpa eagraithe fíorbheag a bhí ann ag an tús a bhí ag iarraidh imeachtaí ealaíon trí Ghaeilge a eagrú, imeachtaí a raibh fuinneamh agus dearcadh ar leith ag baint leo agus a bhí i dtiúin leis an ghlúin óg de chainteoirí Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud na tíre.

Tá an fhís agus an t-éiteas sin ag teacht go mór le cruinneshamhail an chraoltóra Rónan Mac Aodha Bhuí, a fuair bás i mí Meán Fómhair anuraidh. Fear uasal a bhí ann, laoch craoltóireachta agus gníomhaíochta a raibh a chroí istigh i bpobal Gaeilge Bhéal Feirste agus a spreag go leor daoine le bheith ag smaoineamh taobh amuigh den bhocsa. Beidh Oíche Áirneáil ann anocht i dTí Mhadáin in ómós do Rónán agus is ócáid tiomsaithe airgid a bheas ann don Phalaistín chomh maith. 

Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé hAoine seo caite, áit ar chuala muid ó Chaoimhe Ní Chathail, duine de lucht eagraithe na féile, agus ó Stiúrthóir na Cultúrlainne, Edel Ní Churraoin, agus ó Dhónall Mac Giolla Chóill.

Tá an comhlacht óil Little & Green mar pháirtnéirí úra ag Liú Lúnasa i mbliana. Is é seo an chéad uair dóibh a bheith ag comhoibriú le grúpa Gaeilge agus rinneadh brandáil agus t-léinte go speisialta don fhéile. I measc na bpáirtnéirí eile atá ag an fhéile ón tús tá Tí Mhadáin, An Beehive, NÓS agus Féile na Gealaí, agus tá YEO Magazine páirteach den chéad uair i mbliana.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Liú Lúnasa ar mheáin shóisialta na Cultúrlainne nó anseo.

Close
Close