Léiriú an scannáin ‘Kneecap' i mBeal Feirste

Seolfar an scannán Kneecap i bpictúrlann Omniplex in Ionad Uí Chinnéide, Béal Feirste, ag 7:30in anocht mar chuid de Fhéile na Phobail. D’éirigh thar barr leis an scannán ag Féile Scannán Sundance in Utah, SAM, níos luaithe i mbliana: ghnóthaigh sé Gradam an Lucht Féachana agus ba é an chéad scannán Gaeilge riamh a raibh a première aige le linn na féile clúití.

Is in iarthar Bhéal Feirste, 2019, atá an scannán suite agus tugann sé cuntas ar an chinniúint a thug an triúr, Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí, le chéile agus ar an bhealach ‘ar athraigh siad an ceol Gaelach go deo na ndeor’ ina dhiaidh sin. 

Agus iad i mbun aisteoireachta den chéad uair riamh, tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán agus iad i gcuideachta Michael Fassbender, aisteoir a ainmníodh do Ghradam Oscar (Steve Jobs, 12 Years a Slave), Simone Kirby (Hidden Assets, Jimmy’s Hall), Jessica Reynolds (Outlander), Fionnuala Flaherty (Ros na Rún) agus Josie Walker (Belfast, The Wonder). 

Mhaígh an LA Times gur banna iad Kneecap “a chuirfeadh laethanta luatha Eminem i gcuimhne do dhuine" agus tá na léirmheastóirí á moladh go barr bata as a meascán ealaíonta rap Gaeilge agus Béarla a thugann aghaidh ar an saol crua cadránta atá roimh an té a bhíonn ag fás aníos i mBéal Feirste i ndiaidh aimsir na dTrioblóidí.

Is iad Trevor Birney agus Jack Tarling, thar ceann Fine Point Films agus Mother Tongues Films, a léirigh KNEECAP, in éineacht le Patrick O’Neill ag Wildcard a bhí ag feidhmiú mar Chomhléiritheoir. Chuir na heagraíochtaí seo a leanas maoiniú ar fáil don scannán: Scáileán Thuaisceart Éireann, An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán agus TG4, Dias Feld agus Kamila Serkebaeva agus thug Great Point Media tacaíocht dó chomh maith.

Beidh KNEECAP á sheoladh i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann ar an 8 Lúnasa.  Tá ticéid ar díol ar líne anois ar shuíomhanna gréasáin na bpictiúrlann rannpháirteach.

Close
Close