Leabhrán nua Forbairt Feirste ar an Cheathrú Ghaeltachta

Foilsíodh leabhrán nua ar na mallaibh a dhíríonn ar áiteanna suntasacha sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste lena gcur chun cinn i measc an phobail áitiúil agus cuairteoirí araon.

Tá cuid mhaith ionad agus áiseanna Gaeilge luaite sa leabhrán: cuir i gcás bialanna, ionaid chultúir, áiseanna spóirt agus seirbhísí cumarsáide.

Thug Meon Eile cuairt ar Raidió Fáilte agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus labhair muid le Jake Mac Siacais ó Forbairt Feirste, Cillain Breathnach agus Dónall Mac Murchaidh ó Raidió Fáilte agus Brónagh Fusco agus Odhrán De Rúiséil ón Chultúrlann faoin leabhrán agus na háiseanna atá á léiriú ann.

Bunaíodh Forbairt Feirste sa bhliain 1994 agus chun úsáid as an Ghaeilge a chothú ‘le cumhacht shoch-gheilleagrach Bhéal Feirste a scaoileadh’.

Thig leat cóip ar line den leabhrán seo a fháil anseo.

Close
Close