Madame Lazare: úrscéal le Tadhg Mac Dhonnagáin

Tháinig an t-údar Tadhg Mac Dhonnagáin chuig an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste ar na mallaibh lena leabhar úrnua, Madame Lazare, a sheoladh.

Scéal aláinn atá á insint in Madame Lazare, scéal faoi bhean óg, Levana, a théann ar aistear leis an fhírinne a fhoghlaim faoina seanmháthair a bhfuil mearbhall intinne uirthi agus í i ndeireadh a saoil.

Tá an t-úrscéal ainmnithe ar an ghearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.

Is é seo an chéad úrscéal ag Tadhg ach deir sé go raibh sé in ann a thaithí scríbhneoireachta ar sheánraí eile a úsáid chun an saothar cruthaitheach a chur i dtoll a chéile.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an Cheathrú Polí le labhairt le Tadhg faoin leabhar agus faoi na scéaltaí a thug spreagadh dó agus é i mbun scríbhneoireachta.

Tá an leabhar le fáil anois i ngach siopa leabhar agus is feidir cóip a ordú ón Cheathrú Póilí anseo.

Close
Close