The Queen v Patrick O'Donnell - leabhar nua le Seán Ó Cuirreáin

Tá leabhar úr seolta ag an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a insíonn scéal shaol agus bhás an fhear as Gaoth Dobhair, Patrick O’Donnell.

Ceann de mhórscéalta na hÉireann ón 19ú haois atá in eachtra O'Donnell, a chaith seal sna Stáit Aontaithe agus a bhí ar bhád leis an bhrathadóir James Carey a thug 'James Power' air féin ionas nach n-aithneofaí é.

I ndiaidh do O'Donnell a fháil amach cé a bhí ann mar Power, scaoil sé an brathadóir chun báis le piostal, rud a d'fhág gur glacadh an fear Gaeltachta ar ais go Londain , áit ar ciontaíodh agus a cuireadh chun báis é.

Nuair a thosaigh Seán Ó Cuirreáin ag dul don taighde ar an scéal tháinig sé ar neart fianaise go ndearnadh éagóir ar Patrick O’Donnell agus tá sé den bharúil go raibh an Breitheamh ag iarraidh sampla a dhéanamh den chás.

Tá an leabhar ar fáil go forleathan anois agus is féidir é a fháil anseo. Beidh an scannán le feiceáil ar TG4 in 2022.

Close
Close