Leabhar féinfhoilsithe ag Gael óg faoin Camino de Santiago


Tá leabhar scríofa ag Gael óg as Contae Dhoire, Aodhán Ó Baoill, faoina thuras ar an oilithreacht cháiliúil, an Camino de Santiago. Rinne Aodhán an leabhar a fhéinfhoilsiú agus chas muid leis chun an scéal a phlé.

Thug sé faoin Camino in 2019 agus ní raibh sé ar intinn aige leabhar a scríobh faoi ach, nuair a d’fhill sé abhaile tháinig cumha air i ndiaidh na heachtra agus thosaigh sé ag scríobh. Chuir sé an scríbhneoireacht i leataobh ar feadh tamaill agus thosaigh sé arís le linn na chéad dianghlasála.

Sa leabhar seo insíonn Aodhán na scéaltaí ar fad a tharla dó agus a chuala sé ar a aistear, agus déanann sé cur síos fosta ar na bailte móra agus beaga ina raibh sé.

Tá an leabhar scríofa agus foilsithe ag Aodhán anois agus is féidir cóip chrua nó ríomhleabhar de a fháil ar Amazon.

Close
Close