Leabhair do pháistí in Braille

Is foilsitheoir leabhar do pháistí é An tSnáthaid Mhór atá lonnaithe i mBéal Feirste agus atá ag foilsiú leabhar le beagnach fiche bliain anuas. Is é éiteas an chomhlachta i gcónaí ná: ba chóir go mbeadh gach páiste in ann taitneamh a bhaint as leabhair. Tá tús curtha acu le tionscadal nua anois, is é sin ag aistriú roinnt dá gcuid leabhar go Braille.

Thosaigh siad le leabhar ina sraith Rita agus faoi lathair tá siad ag obair ar cheann de na leabhair is nua dá gcuid, Óstán na bhFeithidí le hÁine Ní Ghlinn, a sheoladh in Braille.

D'oibrigh An tSnáthaid Mhór go dlúth le Vision Ireland, NCBI agus Foras na Gaeilge chun é seo a dhéanamh agus toisc gur acmhainn oideachais iad na leabhair seo, ní bheidh siad ar fáil ach i leabharlanna amháin.

Thug Meon Eile cuairt ar oifigí An tSnáthaid Mhór agus labhair muid le Caitríona Nic Sheáin a bhainistíonn An tSnáthaid Mhór lena fear céile, an maisitheoir Andrew Whitson. Dúirt Caitríona go bhfuil sé seo ar cheann de na tograí is deise agus is tábhachtaí a rinne siad agus go bhfuil siad ar bís faoi na leabhair eile ina gcatalóg atá beartaithe acu a aistriú go Braille.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close