Lasadh Shoilse na Nollag ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Bhailigh scaifte breá ar na mallaibh ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich chun tús maith a chur le séasúr na Nollag agus soilse Nollag na Ceathrún Gaeltachta a lasadh.

Ar an lá ar leith cuireadh roinnt mhaith imeachtaí teaghlaigh ar fáil: pluais Dhaidí na Nollag, ceardlanna ealaíne, ceol beo agus go leor eile.

I measc na gcainteoirí bhí an Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh a labhair faoin bhliain fhíor-rathúil a bhí ag pobal na Gaeilge ó thuaidh in 2022 agus mar aoi speisialta bhí Daithí beag Mac Gabhann ann leis na soilse a lasadh.

Labhair Meon Eile le Brónagh Fusco ón Chultúrlann faoin lá mór a chuir deireadh le Fleadh Feirste chomh maith le tús leis an Nollaig. Labhair muid fosta le Mairtín Mac Gabhann, athair Dhaithí, atá díreach i ndiaidh duais shuntasach a fháil ón British Heart Foundation mar gheall ar an stocaireacht a dhéanann sé ar son Donate4Daithí agus chun dlíthe deonaithe orgán a fhorbairt.

Close
Close