Lainseáil Salón Gruaige agus Áilleachta ag GaelChúrsaí

D’oscail GaelChúrsaí salón gruaige agus áilleachta ar na mallaibh ar a shuíomh ar Bhóthar na bhFal in Iarthar Bhéal Feirste. Is acadamh oiliúna é GaelChúrsaí a dhíríonn go príomha ar scoláirí i mBliain 13 agus 14. Cuireann siad réimse leathan cúrsaí ar fáil amhail cúram leanaí, cócaireacht, agus áilleacht agus gruagaireacht, uilig trí mheán na Gaeilge.

Bhí deis ag an phobal cuairt a thabhairt ar an seoladh agus cóireálacha difriúla a thriail saor in aisce. Daltaí atá ar na cúrsaí áilleachta agus gruagaireachta a sholáthraigh an tseirbhís iontach seo.

Labhair Meon Eile le Frances Hand ó GaelChúrsaí a d’inis dúinn faoin tairbhe a bhaineann na scoláirí as a bheith ag obair leis an phobal i gcoitinne agus iad ag déanamh réidh don saol gairmiúil sa todhchaí.

De réir duine de scoláirí iad féin bhí an taithí seo thar a bheith cuidiúil i dtaca le cleachtadh a dhéanamh ar na cineálacha craicinn éagsúla atá ag daoine idir óg agus aosta. Phléigh Orla Nig Ruairí, a thug cuairt ar an salón, cé chomh proifisiúnta agus a bhí na scoláirí agus iad ag déanamh na gcóireálacha seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Close
Close