Laethanta Mhachaire Rabhartaigh le Kathryn Ní Mhaoláin agus Darragh Mac Dónaill

Tá Coláiste Mhachaire Rabhartaigh, coláiste samhraidh de chuid Gael Linn atá lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, 50 bliain ar an fhód i mbliana.

Beidh sraith speisialta dírithe ar an chloch mhíle shuntasach seo ar Meon Eile idir seo agus an Aoine. Inniu bheartaigh muid léargas a fháil ó Kathryn Ní Mhaoláin agus Darragh Mac Dónaill, beirt iarscolairí agus iarcheannairí, ar na tréimhsí a chaith siad i Machaire Rabhartaigh.

Tá an Ghaeilge go fóill lárnach i saol na beirte. Tá Kathryn ag obair do Gaelbhratach, scéim oideachasúil Gael Linn a chuireann an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna. Tá bua an cheoil ag Kathryn chomh maith agus podchraoladh trí Ghaeilge dar teideal 'Sílim That' aici. 

Tá Darragh i mbun cúrsaí léiriúcháin agus teicniúla ag an stáisiún pobail, Raidió Fáilte, le roinnt blianta anuas i ndiaidh dó a bheith ag obair go deonach ann. Is é a stiúrann Stiúideo Feirste ó osclaíodh é in 2019. Bíonn an-chuid oibre ar bun ag Darragh agus ag a gcomhghleacaithe agus neart ceardlanna ceoil á reáchtáil acu ar bhealach úr idirghníomhach. Is áit thábhachtach é an stiúideo do go leor ceoltóirí i dtaobh a saothar a thaifeadadh agus a léiriú.

Roinn an dís acu cuimhní cinn linn ar na blianta suntasacha a chaith siad sa Choláiste agus iad níos óige.

Close
Close