Lá Teaghlaigh na Nollag i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Achan bhlian le beangach 10 mbliana anuas ag an Nollaig, bíonn Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag reáchtail ‘Fleadh Feirste’, céiliúradh agus féile phobail seachtaine a bhíonn lán le himeachtaí de ghach sórt.

Bíonn imeachtaí s’acu ag dul ar aghaigh thart ar an chathair ach le deireadh a chur leis an fhéile, bailíonn daoine le chéile sa Chultúrlann féin ar Bhóthar na bhFál, chun lá mór teaghlaigh a bheith acu. 

Mar chuid den lá mór cuirtear imeachtaí eagsúla ar bun do pháistí agus do thuismitheoirí araon agus is amhlaidh a bhí an mhí seo. Tháinig na páistí uilig chuig Pluais Dhaidí na Nollag le bronntanais a fháil agus litreacha a chur chuig an Phol Thuaidh. Bhí seoladh leabhair leis An tSnáthaid Mhór, craoladh beo le Raidió Fáilte agus, ar deireadh, lasadh soilse na Nollag in éineacht le Daithí Mac Gabhann.

 Labhair Meon Eile le Sinéad Nic Colaim atá ina Bainisteoir Imeachtaí sa Chultúrlann agus fosta le hÁine Ní Ghlinn, a scríobh an leabhar ‘Óstán na bhFeithidí’ a seoladh ar an lá, agus le Caitríona Nic Sheáin ón fhoilsitheoir An tSnáthaid Mhór.

D’inis Máirtín Mac Gabhann, athair Dhaithí, dúinn faoin tábhacht atá ag baint leis an deonú orgán a normalú agus a phlé ag imeachtaí teaghlaigh.

Close
Close