Lá Spraoi Mhacha 2024

Bhí an ghrian ag soilsiú ar Pháirc Sherry i lár chathair Ard Mhacha agus Lá Spraoi Mhacha 2024 faoi lánseol ar na mallaibh.

Is é Gael Linn a d’eagraigh an t-imeacht, a bhí urraithe ag Comhthionól Ard Mhacha agus Naíscoil na Caille. Bhí imeachtaí, bia agus siamsaíocht de gach sórt ann do gach aois ghrúpa: damhsa Gaelach, ceol traidisiúnta, comórtas Poc Fada agus rang GaelFit do pháistí, le cois rudaí eile.

Thug Meon Eile cuairt ar an lá, a bhí á reáchtáil don dara bliain as a chéile. Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, gur comhartha tábhachtach é Lá Spraoi Mhacha go bhfuil saol na Gaeilge oscailte do gach duine agus go bhfuil pobal Gaeilge láidir in Ard Mhacha. Mhol sé fosta obair na n-eagraithe, an fhoireann agus an iarracht ollmhór a rinneadh leis an ócáid a chur sa tsiúl.

Labhair muid fosta le Eliah Meabh ó fhoireann faoi 16 Ard Mhacha sa pheil Ghaelach a bhain teideal Uile-Éireann ar na mallaibh faoin onóir a a bhí ann di cuireadh a fháil teacht chuig an Lá Spraoi agus an grá atá aici don pheil agus don Ghaeilge a léiriú.

D’inis Seán Ó Fearraigh dúinn fosta faoin obair taobh thiar den lá agus faoin bhród a mhothaíonn sé a bheith mar chuid den phobal Ghaelach in Ard Mhacha.

Close
Close