Lá na Siopaí Ceirníní

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar Lá na Siopaí Ceirníní ar fud na Ríochta Aontaithe ar an 23ú Bealtaine 2022.

Is lá ar leith é sin ar a mbíonn margaí agus imeachtaí ar siúl sna siopaí ceirníní, rudaí ar nós ceolchoirmeacha agus albaim nua á gcur amach ag ceoltóirí agus siopaí.

Bhuail Meon Eile le Cormac Buzz Ó Briain a bhfuil clár reggae darb ainm ‘Scancáil sa Chathair’ aige ar Raidió Fáilte. Mhínigh sé an tábhacht a bhaineann leis na ceirníní sa lá atá inniu ann maidir le caighdeán an cheoil agus an cuidiú a thugann Lá na Siopaí Ceirníní do na siopaí neamhspleácha i mBéal Feirste.

Is féidir leat dul anseo le tuilleadh eolais a fháil ar Lá na Siopaí Ceirníní.

Close
Close