Is iontach an chraic agus an ceol a bhí in Ionad na Fuiseoige in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh agus Lá Mór Ceoil ar siúl.
Bhí an t-ionad Gaeilge lán go doras le beagnach 80 ceoltóirí óga ag freastal ar an imeacht. Is é Cumann Ceoil na Fuiseoige a reáchtáil agus bhí cuairteoirí acu ó Scoil Cheoil Thraidisiúnta Ghleann Ghormlaithe agus ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, An Caisleán Nua.
Dúirt Kieran Brady ó Ionad na Fuiseoige gurb é an sprioc a bhí acu don Lá Mór Ceoil ná caidrimh a chothú idir na ceoltóirí óga ó cheantracha difriúla le go bhfeicfeadh siad cé chomh mór is atá pobal an cheoil agus gurb ann don cheol taobh amuigh de na ranganna rialta a bhíonn acu.
Labhair Meon Eile fosta le Caitlín Ní Ruanaidh a bhfuil mac aici ag freastal ar ranganna de chuid Chumann Ceoil na Fuiseoige. Mhol sí go hard an obair a dhéanann foireann Ionad na Fuiseoige chun grá don chultúr agus don cheol a neartú agus áit fháiltiúil a chur ar fáil don phobal i gcónaí.


