Lá Idirnáisiúnta an Damhsa le HomeHub Bhéal Feirste

Lá Idirnáisiúnta an Damhsa a bheas ann ar an 29ú Aibreán agus, leis an ócáid seo a chéiliúradh, thug Meon Eile cuairt ar HomeHub Bhéal Feirste le cleactadh damhsa iontach a fheiceáil.

Is é Micheál Ó Coigligh atá i mbún HomeHub, foireann damhsa hip-hop a bhíonn ag cleachtadh ar Bhóthar Chluanaí i mBéal Feirste.

Tagann páistí agus daoine óga chuig an stiúideo dhá uair sa tseachtain agus tá siad anois ag ullmhú don chéad chomórtas riamh s’acu a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath.

Labhair Meon Eile le Micheál faoin turas pearsanta a bhí aige leis an damhsa agus an tábhacht atá ag an damhsa do dhaoine óga. Tá buntáistí suntasacha ag baint leis an rince ó thaobh sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte de, dar leis. Labhair muid fosta le cúpla dalta faoin fháth a ndéanann siad an damhsa.

Close
Close