Lá Fhéile Pádraig ag Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Rinneadh céiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig ar fud an domhain an 17 Márta agus bhí lá imeachtaí spéisialta ag Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach.

Is i lár bhaile Chromghlinne atá an t-ionad agus ba é sin an chéad uair a d’eagraigh siad imeachtaí na Féile Pádraig ó bhí an phaindéim ann. Bhí scoth an cheoil, bia agus craic don phobail áitiúil san ionad, a bhí dubh le daoine!

Cuireann an t-ionad, i gcomhar le Gaelscoil Ghleann Darach, seirbhísí iontacha trí mhean na Gaeilge ar fáil don phobal áitiúil, ní hamháin ag na féiltí móra ach le linn na bliana ar fad.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá iontach agus labhair muid le Caitrín, Róisín agus Stephen a bhí ag obair go crua leis an imeacht mór a chur le chéile, chomh maith le roinnt imeachtaí eile do Sheachtain na Gaeilge.

Close
Close