Cuireadh deireadh le Seachtain Frithchiníochais Iarthar Bhéal Feirste Dé Sathairn le Lá na hÉagsúlachta Idirnáisiúnta ag Spórtlann na hÉireann, imeacht sultmhar tábhachtach ar ar fhreastail breis agus 500 duine.
Ba cheiliúradh é ar éagsúlacht na gcultúr agus na dtíortha a bhí mar chuid de Fáilte 25, togra le Spórtlann na hÉireann agus leis an eagras United Against Racism Belfast. Lá siamsúil a bhí ann le ceol, damhsa, preabchaisleáin, seastáin, bia agus ealaín, ach thar aon ní eile freagra cumhachtach a bhí ann ar an fhoréigean agus ar na hionsaithe ciníocha a tharla i mBéal Feirste tamall roimhe.
Ghlac breis agus 100 dalta bunscoile Gaeilge as gach cearn de Bhéal Feirste páirt i gcomórtas ealaíne, bunaithe ar théama an fhrithchiníochais, agus cuireadh an ealaín ar bhallaí na Spórtlainne. Ba shampla iontach é sin ar an tacaíocht agus ar an dlúthpháirtíocht ó phobal na Gaeilge.
Labhair Meon Eile leis an Bhall Tionóil ó Phobal Roimh Bhrabús, Gerry Carroll, le ionadaí ó Mothers Against Genocide, Fionnuala Nic Thom, agus le Stiúrthóir na Spórtlainne, Seán Mistéil.