Mar chuid de Lá Domhanda na hÉagsúlachta 2025, d’eagraigh Fóram Imirceach an Iarthuaiscirt (North West Migrants Forum) Céilí Traschultúrtha i gCultúrlann Uí Chanáin, Cathair Dhoire, ar na mallaibh.
Bhí slua mór ann le ceiliúradh a dhéanamh ar chultúir s’acu ó achan chearn den domhan fríd an cheol, an damhsa agus an bia.
Féile de na Náisiún Aontaithe é a thiteann amach ar an 21 Bealtaine gach bliain agus is é is sprioc leis béim a chur ar an éagsúlacht cultúir agus ar ról na gcultúr maidir le tuiscint agus síocháin a chur chun cinn.
Labhair Meon Eile le Gaëlle Gormley, atá ag obair le Fóram Imirceach an Iarthuaiscirt faoin ról atá aici san eagraíocht agus faoi thábhacht imeachtaí, ar nós an chéilí, chun dlúthpháirtíocht a léiriú do dhaoine ó chúlraí éagsúla agus fáilte a chur rompu chuig an tír.
Dúirt Siubhán Nic Amhlaoibh, Stiúrthóir na Cultúrlainne, go bhfuil sé mar aidhm ag an Chultúrlann fáilte a chur roimh daoine as tíortha difriúla agus deis a thabhairt dóibh ceangal leis an chultúr Ghaelach.