Lá na bPancóg

Lá na bPancóg

Inniu Lá na bPancóg, nó Máirt na hInide, an lá deireanach roimh thús an Charghais.

Roghnaíodh pancóga le hithe ar an Mháirt seo ionas go mbeadh daoine ábalta fáil réidh leis na comhábhair – leithéidí uibheacha, bainne agus siúcra – roimh throscadh an Charghas.

Chas Sarah de Búrca leis an chócaire aitheanta Éamonn Ó Catháin chun fáil amach conas pancóga blasta a ullmhú.

Seo a leanas na comhábhair atá uait chun 10 pancóg/crepe le him oráiste a dhéanamh:

  • 250 gram plúr coitianta
  • 3 ubh
  • bainne fionnuar
  • ola
  • salann
  • im
  • oráiste
Lá na bPancóg / Sarah de Búrca

Pancóga

Cuir an plúr isteach i mbabhlá mór. Cuir poll sa lár. Measc na huibheach leis agus ansin an bainne go fadálach. Cuir píosa beag ola agus salann leis. Fág an meascán sa chuisneoir ar feadh uair a chloig.

Im Oráiste

Cuir an t-im i mbabhla, ansin le grátálaí cur craiceann an oráiste leis. Measc le chéile agus sin é.

Pancóga

Déan cinnte go bhfuil an friochtán breá té. Cuir ruinín beag ola air agus ansin caith an meascaán ar an friochtán. Ní gá é a fhágáil ar an friochtán ró-fhada. Nuair atá sé réidh cuir cibé ábhar is mian leat leis agus bain sult as!

Ba mhaith le Meon Eile buíochas mór a ghabháil le hÉamonn Ó Catháin as ucht teacht isteach agus a eolas a roinnt linn. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Reuben’s freisin as ucht cead a thabhairt dúinn an chistin a úsáid.

Close
Close