Eagraíodh ceiliúradh Ifteáir agus seisiún malartaithe teanga i gCaifé Anam, iarthar Bhéal Feirste, an tseachtain seo caite.
Is é is Ifteár ann an béile a itheann Moslamaigh i ndiaidh luí gréine le linn Ramadan. Sceidealadh an seisiún i rith na hoíche agus bhailigh cainteoirí Gaeilge, Béarla agus Araibise le chéile le béile a bheith acu agus le focail agus nathanna cainte a roinnt le chéile.
Bhí an t-imeacht á reáchtáil ag an Kind Economy - grúpa de chuid na heagraíochta Participation & the Practice of Rights (PPR) - i gcomhar le Glór na Móna mar chuid de Chlár an Earraigh agus Sheachtain na Gaeilge.
Is líonra é an Kind Economy a bhíonn i mbun feachtais ar son iarrthóirí tearmainn agus in éadan na bpolasaithe atá i bhfeidhm ag rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis na srianta a bhíonn ar dhaoine le linn na tréimhse iarrtha tearmainn í féin.
Labhair Meon Eile le hEoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadail Pobail le Glór na Móna, faoin imeacht agus faoin tábhacht a bhaineann leis sa chomhthéacs reatha.