I Lár an Aonaigh 2023

Tá an tsraith chainte agus cheoil 'I Lár an Aonaigh' ar ais ar an BBC agus i mbliana tá an seó ag ceiliúradh deich mbliana ar an fhód. Bhí Meon Eile i láthair ag an taifeadadh le blaisín a thabhairt ar chuid den aiscean ar chúl an cheamara.

Tá go leor aíonna speisiálta beartaithe don tsraith nua. Sa chéad clár beidh an t-aisteoir Siobhán O’Kelly agus an ceoltóir agus amhránaí David Keenan ar an tolg le Máire agus Dáithí agus beidh earnáil scannánaíochta na hÉireann faoi chaibidil acu. 

Shuigh Meon Eile síos leis an dá láithreoir, Dáithí Ó Muirí agus Máire Bhreathnach, a bhíonn ag obair mar léiritheoir sraithe chomh maith. Rinne siad cur síos ar na haíonna agus ceoltóirí a bheidh le feiceáil ar an scáileán sna seachtainí amach romhainn.

Labhair muid chomh maith le Siobhán O’Kelly agus Cathal Ó Curráin, beirt de na haíonna speisiálta.

Tá ceithre chlár ann ar an iomlán a bheidh ag dul amach beo ar BBC 2 gach Luan ag 10in, ag tosú anocht. Beidh na cláir le fáil fosta ar an BBC iPlayer, mar aon le rianta breise ceoil ó na ceoltóirí ar líne.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close