Greann Gaeilge le Raidió Fáilte

Bhailigh go leor de phobal na Gaeilge le chéile i Raidió Fáilte ar Bhóthar na bhFál ar na mallaibh chun oíche ghrinn a bheith acu sa Lonnán, atá suite sa stáisiún.

Don chéad chuid den oíche, bhí eipeasóid bheo den phodchraoladh ‘Na Seansálaithe’ ann. Ba é seo an chéad eagrán os comhair lucht féachana a rinne an triúr láitheoirí - Aine Mhaoir, Hugh Carr agus James Ó Flatharta – riamh agus lena linn bhí comhrá thar a bheith suimiúl agus greannmhar acu faoi ábhair ar nós caidreamh, an chairdis agus saol na Gaeilge go háirithe!

I ndiaidh Na Seansálaithe, bhí seó le GaelGÁIRÍ ann. Is grúpa fuirseoirí iad GaelGÁIRÍ a dhéanann imeachtaí ar fud na tíre agus a bhfuil clú agus cáil orthu as an ardchaighdeán grinn a chuireann siad i láthair.

Labhair Meon Eile le hÁine Mhaoir, Hugh Carr agus James Ó Flatharta faoin phodchraoladh s’acu agus an aidhm atá acu an Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga agus iad ag caint faoi ghnathchúrsaí an tsaoil.

Labhair muid fosta le Darragh Mac Dónaill ó Raidió Fáilte faoin imeacht féin agus faoin iarracht a dhéanann siad sa stáisiún imeachtaí Gaeilge mar seo a chur ar fáil don phobal áitiúil, agus iad saor in aisce don mhórchuid chomh maith.

Close
Close