Raidió Fáilte: 'Stáisiún Raidió na Bliana' ag Féile na Meán Ceilteach

D’éirigh le stáisiún pobail Gaeilge Bhéal Feirste, Raidió Fáilte, an gradam iomráiteach le haghaidh 'Stáisiún Raidió na Bliana' a bhaint ag Féile na Meán Ceilteach ar na mallaibh, an chéad uair dó an gradam a bhaint.

I measc na stáisiún eile ar an ghearrliosta, bhí BBC Radio na nGàidheal, BBC Radio Foyle, BBC Radio Ulster agus BBC Radio Wales ach ba é stáisiún na nGael ó thuaidh a ghlac an duais abhaile leo i mbliana.

Bronnadh na gradaim in Llanelli sa Bhreatain Bheag i mbliana agus iomaitheoirí as Éirinn, Albain, Corn na Breataine, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann agus an Bhriotáin ag iarraidh gradaim a bhuachan.

Is stáisiún pobail é Raidió Fáilte atá á stiúradh ag foireann bhuan bheag agus líon mór craoltóirí deonacha.

Beidh an stáisiún ag bogadh isteach ina fhoirgneamh féin ag bun Bhóthar na bhFál i mí an Mheithimh agus rachaidh an gradam nua seo leo mar spreagadh don todhchaí.

Labhair Meon Eile le foireann Raidió Fáilte faoina mbua stairiúil.

Close
Close