Grúpa Máirséala na Táine ag Féile Shoilse Dhún Dealgan

Thosaigh Grúpa Máirséala na Táine i 2010 agus é mar sprioc aige béaloideas cheantar Lú a cheiliúradh sa mhórphobal.

Téann an grúpa máirséala mórthimpeall an chontae le linn shéasúr na bhféiltí, idir 30 agus 50 duine acu uilig gléasta in éadaí meánaoiseacha.

Rinneadh Féile Shoilse agus Chultúrtha Dhún Déalgan a reáchtáil ar na maillibh chun spiorad na Nollag a ghríosadh i measc phobal na háite agus bhí Grúpa Máirseála na Táine ag ceann na paráide ann.

Seo chugaibh na máirseálaithe agus blaiseadh den tsiamsaíocht a raibh le fáil ar shráideanna Dhún Dealgan.

Feile Soilse Dun Dealgan

Cúlra Tháin Bó Cúailnge

Is scéal béaloidis é Táin Bó Cúailnge ó luath-litríocht na nGael faoi chath fíochmhar idir Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh.

Rinne an Bhanríon Maedhbh agus a céile Ailill ionsaí ar thalamh na nUltach agus iad ag iarraidh an Donn Cuailnge, ceann de phríomhthairbh na tíre, a thabhairt leo.

De réir an tseanchais sheas Cú Chulainn go haonarach i gcoinne arm na banríona. Ag deireadh na cogaíochta, maraíodh Cú Chulainn agus an Donn Cúailnge mar aon.

Close
Close